Nuacht / News

Togra Gaeltachta ag fáil áírd go náisiúnta! 

Tá sceitimíní orainn. Tá an tionscadal 'Ciorcal' ar DHÁ ghearrliosta dámhachtainí. We are very excited. Our Ciorcal project is on TWO award shortlists.

Tá muid ar an ngearrliosta do Ghradaim na Gaeltachta sa chatagóir 'Togra Gaeltachta Glas' agus na 'Full Circle Awards ó Circular.ie We are shortlisted for the 'Full Circle Awards by Circular.ie and also Gradaim na Gaeltachta in the Green Gaeltacht Project category.

Táimid buíoch as na hainmniúcháin, as na maoinitheoirí agus, thar aon ní eile, as an dream agaibh a bhronn earraí, a ghlac páirt inár gceardlanna éagsúla, a chuir stalla ar bun ag an margadh nó a d'fhreastail ar aon cheann dár n-imeachtaí. We are thankful for the nominations, to the funders and most especially to those of you who have donated items, participated in our various workshops, taken a stall at the market or attended any of our events. 

Táimid ar bís faoin séasúr atá romhainn chomh maith. Beidh ár raon cártaí beannachta á sheoladh go luath, fógrófar ár gcomórtais ealaíne scoile go gairid, reáchtálfar tuilleadh ceardlann, agus tá margadh agus imeacht speisialta Oíche Shamhna á n-ullmhú chomh maith. Fanigí linn! We are excited also for the coming season. Our greeting card range will soon launch, our school art competitions will soon be announced, more workshops will happen and a special Halloween market and event are also being planned. Stay tuned! 


Comórtas Ealaíne - Art Competition

Táimid ag seoladh comórtas ealaíne chun saothar ealaíne a chruthú as bruscar! Cé chomh cruthaitheach is féidir leat a bheith le bruscar? Bain úsáid as sean-irisí chun colláis/Collage a dhéanamh, tóg grianghraf de rudaí a fuair tú agus a d'úsáid tú chun íomhá a chruthú, (cosúil leis an t-iasc thuas), bain úsáid as seanbhuidéil agus fabraicí chun maisiúchán Nollag a dhéanamh, nó cum suas aon tionscadal ealaíne a bhaineann le bruscar agus seol íomhá den toradh chugainn. Déanfaimid cártaí nollag nó cártaí sheanfhocail le na h-íomhanna is fearr agus gheobhaidh na buaiteoirí agus a scoil dearbháin le haghaidh ábhair ealaíne. We are launching an art competition to make art from rubbish! How creative can you be with rubbish? Use old magazines to make a collage, take a picture of found objects that you make an image with (like the fish above), use old bottles and fabrics to make a christmas ornament, or dream up any art from rubbish project and send us an image of the results. We will make Christmas cards and Seanfhocal cards from the winning images and the winners and their school will get vouchers for art materials.

Seol pictiúirí chuig ciorcal.aislann{ag}gmail.com roimh 31/10/2026
Send images to ciorcal.aislann{at}gmail.com before 31/10/2026



Ciorcal (Áislann Rann na Feirste). Maoinithe ag SSE Airtricity/ Funded by SSE Airtricity
Pictiúrí ceadaithe fríd Envato/ Images licenced through Envato
Powered by Webnode Cookies
Create your website for free!